Tá blian nó níos mó 'gam ag éisteacht Le cogar doilíosach mo mheoin, Ó casadh liom grá geal mo chléibhe Tráthnóna brea gréine san fhómhar. Bhí an bhó bhainne chumhra ag géimneach Is na h-éanlaith go meidhreach ag ceol, Is ar bhruach an tsruthán ar leathaobh dhom Bhí cailín deas crúite na mbó. Tá a súile mar lonradh na gréine, Ag scaipeadh trí spéartha gan cheo, 's is deirge a grua ná na caora Ar lasadh measc craobha na gcnó, Tá a béilin níos dílse na sméara, 's is gile ná leamhnacht a snó, Níl ógbhean níos deise san saol seo Ná cailín deas crúite na mbó. Dá bhfaighinnse árd Tiarnas na hÉireann Éadacha, síoda is sróil Dá bhfaighinnse an bhanríon is airde Dá bhfuil ar an dtalamh so beo Dá bhfaighinnse céad loingis mar spré dhom Píoláidi, caisleáin is ór Bfhearr liom bheith fán ar na sléibhte Lem chailín deas crúite na mbó Muna bhfuil sé i ndán dom bheith in éineacht Leis an spéirbhean ró-dhílis úd fós Is daoirseach, dubhrónach mo shaolsa Gan suaimhneas, gan éifeacht, gan treo Ní bheidh sólás im chroí ná im intinn Ná suaimhneas orm oíche ná ló Nó bhfeice mé taobh liom óna muintir Mo cailín deas crúite na mbó