óró sé do bheatha 'bhaile óró sé do bheatha 'bhaile óró sé do bheatha 'bhaile 'Nois ar theacht an tsamhraidh. Sé do bheatha a bhean ba léanmhar Ba é ár gcreach tú bheith i ngéibheann Do dhúiche bhreá i seilibh meirleach 's tú díolta leis na galla! óró sé do bheatha 'bhaile óró sé do bheatha 'bhaile óró sé do bheatha 'bhaile 'Nois ar theacht an tsamhraidh. Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile; óglaigh armtha léi mar gharda Gaeil iad féin is ní Frainc ná Spáinnigh; Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh. óró sé do bheatha 'bhaile óró sé do bheatha 'bhaile óró sé do bheatha 'bhaile 'Nois ar theacht an tsamhraidh. A bhuí le Rí na Bheart go bhfeiceann; Muna mbíonn beo ina dheoidh ach seachtain, Gráinne Mhaol is míle gaiscíoch; Ag fógairt fáin ar Ghallaibh. óró sé do bheatha 'bhaile óró sé do bheatha 'bhaile óró sé do bheatha 'bhaile 'Nois ar theacht an tsamhraidh. óró sé do bheatha 'bhaile óró sé do bheatha 'bhaile óró sé do bheatha 'bhaile 'Nois ar theacht an tsamhraidh.