Céad slán ag sléibhte maorga Agus dhá chéad slán ag an Earagal árd, ina stua(í) os cionn caor 's call Nuair a ghluais mise thart le loch Dhún Lúiche, I mo dhiaidh bhí Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair, is beag nár bhris mo chroí. Ag taisteal dom amach tríd chnoic Ghleann Domhain, 's an Mhucais ar mo chúl Ní miste domh 'rá le brón 's le crá, ghur fhreasadh a shíl mise súil Go 'Meiriceá siar, a bhí mo thriall, i bhfad thar an fharraige mhór D'fhag mé slán ar feadh seal ag Dún na nGall, 's ag Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair. Níorbh é mo mhiansa imeacht ariamh ó mo thír bheag dhílis féin Ach trom lámh Gall, le cluain 's le feall, a thiomáin mé i gnéill B'é rún mo chroíse pilleadh arís, nuair a dhéanfainn beagán stór 'S deireadh mo shaoil a chaitheamh lem ghaoil, fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair. Slán, slán go fóill a Dhún na nGall, a chontae shéimh gan smál 'S do d'fheara bréa in am an ghá, nár umhlaigh riamh roimh Ghall Tá áit i mo chroí do gach fear a gach mnaoi, 's gach páiste beag agus mór Áta beo go buan, gan bhuairt gan ghruaim, faoi Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair.