Tráthnóinín déanach i gcéin cois leasa dom Táimse im' chodhladh is ná dúistear mé Sea dhearcas lem' thaobh an spéirbhean mhaisiúil Táimse im' chodhladh is ná dúistear mé Ba bhachallach péarlach dréimreach barrachas A carnfholt craobhach ag titim léi ar bhaillechrith 'S í ag caitheamh na saighead trím thaobh do chealg mé Táimse im' chodhladh is ná dúistear mé Is éirigí, a chlann, agus gabhaig bhur n-airm chugaibh, Táimse im’ chodhladh is ná dúistear mé. Is leagaigí sa tsrúil gach scrúille Sasanaigh, Táimse im’ chodhladh is ná dúistear mé. Mura mairfeadh ach triúir bíodh ciú ins gach bail’ agaibh Ó Charraig na Siúire go ciumhais an Daingin thiar Ardaigí bhur lain, tugaig fogha faoina Sasanaigh, Táimse im’ chodhladh is ná dúistear mé. Táimse im’ chodhladh is ná dúistear mé.