[00:00.000] 作曲 : Traditional [00:00.00]Tréimhse chaitheas-sa seal go haerach [00:05.82]I measc mo ghaolta go soilbhir sámh, [00:11.91]Gan suim i gcleasa ná i gcúrsaí an tsaoil seo [00:18.17]A chuirfeadh m’intinn ar seachrán. [00:25.74]Thugas gean is urraim dom bhaile dhúchais, [00:33.68]Fuair cion is clú ar fud Inse Fáil. [00:40.92]Is ní thréigfead feasta don ghrá ródhlúth san [00:47.05]Do Bhaile Bhúirne go bhfaighidh mé bás. [00:54.82] [00:55.07]Is breá é amharc an chnoic is a sléibhte [01:02.59]Sna gleannta féarmhara gach maidin cheoigh, [01:08.97]Is fuaim gach caise ag sníomh go héasca [01:15.78]Go sroisid béal na mbailte mór. [01:21.85]Is breá iad coillte na gcrannaibh ndíreach [01:30.28]Ag fás go líonmhar i measc gach gleann’ [01:37.58]Go bhfaigheann an sionnach scáth is díon ann [01:44.16]An druid chiardhubh, an broc is an chreabhar. [01:50.57] [01:52.64]Tá Baile Bhúirne go fairsing fáilteach [01:59.71]A’ riar’ na táintibh lena ngabhann ‘na treo [02:06.76]Go bhfuil grá is lasadh i gcroí gach éinne [02:12.59]Rug barr ar aon ní dá bhfacaís fós. [02:19.28]Bíonn triall na sluaite ar a tiobraid naofa [02:27.81]Tá le cianta dlútha fá ghradam mhór [02:34.82]Ach impím feasta ar Ghobnait naofa [02:41.85]Bheith mar dhíon is scáth agam [02:44.96]Pé áit’na ngeobham.